Holywell Educate Together National School, Swords, Co. Dublin

Seachtain na Gaeilge Celebrations

13th Mar 2026

We had a fantastic fortnight celebrating Seachtain na Gaeilge in our school! A huge thank you to Saidhbhín for organising so many fun activities for the children, including quizzes, dancing, and a wonderful Céilí Mór with musicians from Craobh Sheáin Treacy, Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

Throughout the two weeks, we practised our Irish every day with the Frása an Lae announced over the intercom. The children made a great effort to use their Irish and were rewarded with prizes from the Siopa Glas.

We finished the celebrations in style on Lá Glas, with everyone dressed in green! The day began with a lively parade around the yard, followed by fantastic junior and senior concerts in the hall.

Maith sibh to all the children for making such a great effort with their Irish. Bhí sé ar fheabhas!

Bhí coicís iontach againn ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge inár scoil! Buíochas mór le Saidhbhín as an obair mhór ar fad a rinne sí ag eagrú an oiread sin gníomhaíochtaí spraíúla do na páistí, lena n-áirítear tráth na gceist, damhsa agus Céilí Mór iontach le ceoltóirí ó Chraobh Sheáin Treacy, Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

I rith na coicíse, chleachtamar ár gcuid Gaeilge gach lá leis an Frása an Lae a chualathas ar an idirchum. Rinne na páistí iarracht iontach an Ghaeilge a labhairt agus bhuaigh siad duaiseanna ón Siopa Glas mar gheall ar a gcuid iarrachtaí.

Chríochnaíomar an ceiliúradh ar bhealach speisialta ar Lá Glas, nuair a chaith gach duine glas! Thosaigh an lá le paráid bhríomhar timpeall an chlóis, agus ina dhiaidh sin bhí ceolchoirmeacha iontacha ag na ranganna sóisearacha agus sinsir sa halla.

Maith sibh do na páistí ar fad as an iarracht iontach a rinne siad lena gcuid Gaeilge. Bhí sé ar fheabhas!